Turas go dtí An Bhruiséil

Scríte ag Leah barbado, Bl.4
Bhí deis iontach ag Anna Koum (Bl.5) agus mé féin dul go dtí an Bhruiséil le haghaidh oíche agus lá amháin. Thug Liadh Ní Riada MEP cuireadh do roinnt daltaí le Gaeilge dul ar thuras chuig Pharlaimint na hEorpa. Bhí orainn go léir bualadh le chéile in Aerfort Átha Cliath ag a 4 a chlog. Bhí ár n-eitilt ag 6.20 agus shroicheamar an Bhruiseil thart ar 9.00. D’fhágamar ár málaí san óstán agus bhí orainn dul amach go bialann don dinéar. Bhí sé go hiontach féachaint timpeall na Bhruiséile ar an slí. Bhí an-chuid spraoi againn sa bhialann toisc go raibh gach éinne ag labhairt lena chéile agus dheineamar cairde nua. Oíche dhéanach a bhí ann agus bhí tuirse orainn go leir ag éirí go luath an mhaidin dár gcionn.
Shiúlamar go dtí an Pharlaimint tar éis brisfeasta agus bhí ionadh ar gach éinne nuair a chonaiceamar cé chomh mór agus galánta a bhí sé. Labhair Liadh Ní Riada agus cúpla MEPanna eile linn agus bhí sé an-suimiúil. Bhí rólghlacadh eagraithe dúinn ionas go dtuigfimís an brú a bhíonn ar an gnáth-MEP go laethúil. Tugadh pointí éagsúla do gach duine agus d’oibríomar le chéile chun fadhbanna a réiteach. Bhí díospóreachtaí agus postanna le deineamh againn. Cé go rabhamar an-ghnóthach, ba thaithí an-suimiúil agus taitneamhach é.
Tar éis dúinn an Pharlaimint a fheiceáil bhí cead againn dul ar camchuairt timpeall na cathrach. Cathair álainn is ea an Bhruiséil. Chuamar ar ais chuig an aerfort tuirseach traochta. Bhí sé go hálainn an Ghaeilge a chloisint in áit lasmuigh d’Éirinn agus bhí áthas an domhain orm a fheiceáil go bhuil sí beo agus faoi bhláth in áit chomh tábhachtach ná Parlaimint na hEorpa.
Buíochas mór d’Iníon Uí Laoire as ucht teacht linn agus, dar ndóigh, do Liadh Ní Riada MEP as ucht na deise seo a chur ar fáil dúinn.

20180328_081910_resized

20180328_101934_resized

20180328_124805_resized

20180328_165813_resized

20180328_170114_resized