Peil na gCailíní

Bunaíodh foireann peil na gcailíní i gColáiste Daibhéid i mbliana. Ghlac níos mó ná triocha cailín páirt idir foireann sóisearach ‘is sinsearach. Thosaigh na cluichí mí Dheireadh Fómhair agus thóg sé tamall don bhfoireann dul i dtaithí ar a chéile. Níor imir formhór na gcailíní peil riamh ach diaidh i ndiadh tháinig feabhas orthu. Le spreagadh an chaptaein, Saoirse De Báicéir, bhí an chéad bhua acu i gcoinne a gcomharsan Baile Féitheán i mí na Samhna. An bhliain seo chughainn beidh said réidh chun troda arís.

20151203_115101(0)