Parlaimint Eorpach na nDaoine Óga – European Youth Parliament

Le déanaí ghlac mé páirt i gcomhdháil bunaithe ar an bParliamint Eorpach, ach dírithe ar dhaoine óga.  Is tionscadal neamhspleách agus neodrach é an EYP faoi stiúir Fondúireacht Schwarzkopf. An aidhm atá ag an bhfondúireacht ná smaointeoireacht neamhspleách agus tuiscint ar dheacaireachtaí sochpholaitiúla a fhorbairt sa chéad ghlúin eile chomh maith lena gcuid scileanna sóisialta agus gairmiúla a chothú.

Le linn deireadh seachtaine tháinig thart ar 120 dalta idir 15-16 ó Chúige Mumhan le chéile i UCC chun fadhbanna idirnáisiúnta agus topaicí reatha a phlé. Bhíomar curtha i gcoistí difriúla, bhí thart ar 12 bhall i ngach coiste. Ba bhall den Choiste ar Ghnóthaí Bunreachtúla mé.  Ba é an topaic a bhí le plé againn ná: An troid i gcoinne na caimiléireachta laistigh de Institiúidí an Aontais Eorpaigh. Bhí neartú foirniúlachta againn inar imríomar cluichí agus rinneamar gníomhaíochtaí chun aithne a chur ar a chéile sular thugamar faoin topaic.

 

Ar an Satharn bhí obair choiste ar siúl don lá ar fad. Bhí orainn teacht ar chonclúid agus réiteach dár dtopaic agus é a scríobh suas go soiléir. Bhí an obair seo deacair go leor ach ag deireadh an lae bhí dioscó le téama na 90aidí againn agus bhí an spraoí seo tuillte againn tar éis na hoibre crua.  Ar an Domhnach bhí Comhthionól Ginearálta ar siúl inár tháinig gach coiste le chéile chun a réiteach a chur i láthair.  Ansin bhí díospóireacht oscailte ann agus ar deireadh bhí vótalamar ar na réitigh éagsúla.   Bhí an lá seo an-suimiúil agus bhí na díospóireachtaí ar fheabhas.

 

Ar an iomlán bhain mé an-taitneamh as an gComhdháil, d’fhoghlaim mé an-chuid faoin Eoraip agus fuair mé taithí iontach ar an obair a dhéantar laistigh den Aontas Eorpach.

 

Madeleine Nic Artúin, Bliain 5 & E. Ní

European Youth Parlaimint