Imeachtaí na hIdirbhliana 2013-2014

Tá bliain an-ghnóthach idir lámha ag rang na hidirbhliana. Chaitheadar turas thar oíche i gCnoc Mheilearaí  i Mí Meán Fómhair . D’éirigh leo an turas eachtraíochta a ghabhann le Gaisce a chur i gcrích agus iad ann. Shiúileadar thart ar 30 km le linn an ama a chaitheadar ann. Bhaineadar an-sult ann mar is léir óna griangrafanna thíos/ thuas.

Bronnadh an gradam “Gaisce” ar scór dalta sa chúigiú bliain le gairid mar d’éirigh leo na tascanna ar fad a bhaineann le bonn cre-umha a bhaint amach a chomhlíonadh. Chomhghairdeas leo!

Le deanaí d’fhreastail siad ar taispeantás a bhí eagraithe ag na Gardaí Síochána faoi shábháilteacht ar na bóithre. Bhí sé ar siúl san Ostán Rochestown agus ag deireadh na cainte bhíodar ar fad an-eolach faoin ábhar.

Gach bliain cuirimid le líon na modúil a dhéanann na daltaí. Mar thoradh tá cic-dornalaíocht, teicneolaíocht cheoil agus puipeadóireacht á thrialadh. Tá siad ag baint fíor-thaitneamh astu. Tá siad  an-chruthaitheach ar fad agus roinnt  puipéid déanta acu.

Tá an scoil tar éis dhá mhion-chomhlacht  a bhunú i mbliana faoi stiúr Iníon Ní Dhomhnaill. D’éirigh leo cluiche ar a dtugtar “Tarraing é” a tháirgeadh  agus leabhar  a chabraíonn le tuismitheoirí a chur i gcló.

Tá an t-ádh linn go bhfuil gaol láidir idir na scoile agus Cóláiste na hOllscoile Corcaigh. Mar thoradh glacadh le Joey D’Largo ar chúrsa seachtaine sa Roinn Eolaíocht Ríomhaireachta le gairid. Ina theannta sin beidh beirt ó rang na hidirbhliana ag dul go dtí an tSeapáin le linn laethanta saoire na Cásca . Is í  Institiúid Confucius atá lonnaithe i gColáiste na hOllscoile , Corcaigh atá á reitiú.

Tá deichniúr ón rang ag glacadh páirte i gceardlann filíochta . Is í  an file , Doireann Ní Ghríofa atá mar stiúrthóir.  Tá an ceardlann ar siúl gach Déardaoin i  Leabharlann na Cathrach. Leanfaidh sé ar aghaidh go dtí tús Mí na Márta  agus foilseoidh saothar na ndaltaíle linn Seachtain na Gaeilge. 

puppetry mount-melleray mount-melleray-2 mount-melleray-3