Eolas ón gCoimisiúin Scruduithe dos na daltaí

Sna scrúduithe a bheidh ag teacht aníos, cuirfear beagán leis an gclúdach tosaigh de na freagarleabhair scrúdaithe agus leis an stáiseanóireacht scrúdaithe. Mar a tharla roimhe seo, beidh ar iarrthóirí a scrúduimhir a chur ar fáil ar gach píosa stáiseanóireachta. Chomh maith leis sin, beidh orthu a ndáta breithe iomlán a chur isteach ina mbeidh an bhliain san áireamh freisin. Roimhe seo ní raibh gá leis an mbliain.

Tá físeán gearr ullmhaithe againn ina leagtar é seo amach agus ina leagtar amach roinnt eolais eile atá tábhachtach d’iarrthóirí maidir leis an méid seo a leanas:

  • an chaoi inar chóir dóibh eolas tábhachtach a chur ar fáil ar an gclúdach tosaigh dá bhfreagarleabhair agus dá stáiseanóireacht atá riachtanach lena chinntiú go ndéantar a scripteanna scrúdaithe a phróiseáil go beacht agus go héifeachtach;
  • agus na hionstraimí scríbhneoireachta cearta ba chóir dóibh a úsáid sna scrúduithe lena chinntiú gur féidir leis na scrúdaitheoirí a bhfreagraí a léamh. 

Is féidir teacht ar an bhfíseán seo faoin gceannteideal “Eolas d’Iarrthóirí” ag https://www.examinations.ie/?l=ir&mc=ex&sc=e24