Daltaí na hIdirbhliana agus Meitheal Mara

Tá clár nua á leanúint ag daltaí na hIdirbhliana i gColáiste Daibhéid i mbliana.  Tá Meitheal Mara ag obair linn go seachtainiúl ar scoil.  Chaith an Príomhoide Tánaisteach, Pól Ó Síodhcháin roinnt ama le linn an tsamhraidh ag forbairt an chláir i dteannta le Clare Hayden, Oifeach Óige Mheitheal Mara.  ‘Sé an rud atá i gceist leis an gclár ná modúil deich seachtaine a thugann blas na mara do na daltaí.  Foghlaimíonn siad faoi churachadóireacht agus na stíleanna eágsúla curaí atá againn in Éirinn.  Oibríonn siad ar cheann beag a chur le chéile i sean-stíl Dhún na nGall.  Tá an séú seachtaine caite acu sa Cheardlann atá ag Meitheal Mara i Crosses Green sa chathair.  Buaileann siad le stiúthóir na ceardlainne agus cuireann siad fé agallamh é mar chuid den tionscnamh atá le deineamh acu roimh dheireadh an mhodúil.Chomh maith, bíonn deis acu féachaint ar agus glacadh páirte i dtógáil curaí  Bíonn seachtain 9 agus 10 caite acu ansan ag ramhaíocht na gcurach ar Abhainn na Laoi i gcroílár na cathrach.  Bí ag faire amach dóíbh amach anseo!

Transtition Year students in Coláiste Daibhéid have started a unique programme this year.  Meitheal Mara are working with us in school on a weekly basis.  Our Deputy Principal, Pól Ó Síodhcháin has spent some time over the summer devloping the programme with Clare Hayden, Youth Officer with Meitheal Mara.  It is a ten week programme to give the students a taste of Meitheal Mara’s work and Irish maritime history.  They learn about curachs and the various styles of those boats that we have in Ireland.  They also get a chance to make models of the old Donegal Curach.  Week six is spent in Meitheal Mara’s workshop in Crosses Green in the city.  They meet the workshop director, interview him as part of their project for assessment at the end of the module and observe and partake in the building of a curach.  Weeks nine and ten are spent rowing curachs on the River Lee in the heart of Cork City.  Keep an eye out for them in the coming weeks!

20150928_152750

20151116_135645

20151116_140004

20151116_140130

20151116_144103

DSCN1716

DSCN1718