Cuimhní Scoile

Guth an Dalta Beo i gColáiste Daibhéid!

Tá an scoil páirteach i dtionscadal tras-Eorpach, ‘Guth an Dalta: Droichead chun na Foghlama’. Ghlacamar páirt i gcomhdháil i gCaisleán Átha Cliath Dé Céadaoin 13ú Nollaig 2017. Ócáid fhiúntach ab ea í le rannpháirtíocht inti ónár bpairtnéirí Eorpacha, an Albain, an Ongair agus an tSlóivéin. Dhein an grúpa scoile, An Príomhoide Tánaisteach Máistir Ó Síodhcháin, […]

Guth an Dalta Beo i gColáiste Daibhéid! Read More »

Tíreolas Bl.4 & 5 san Uaimh Chreaga agus Easach Toirc

Bhí an-la go deo againn san Uaimh Chreaga in Oileán Chiarraí ar an 5ú Nollaig 2017. Chuaigh rang tíreolaíochta Bl.5 agus Daltaí na hIdirbhliana ar fad ar cuairt chun na huaimheanna aolchloiche a fheiceáil. Ina dhaidh stopamair ag Easach Toirc i gCill Áirne chun féachaint ar fhoirmiú na heasa sin. Lá iontach a bhí ann

Tíreolas Bl.4 & 5 san Uaimh Chreaga agus Easach Toirc Read More »

Tíreolas Bl.5 i nGuagán Barra

Chuaigh daltaí ó bhliain 5 go dtí Guagán Barra ar thuras tíreolaíochta ar an 28ú Meán Fómhair 2017. Dheineadar staidéar ar Abhainn na Laoi agus éascadh/filleadh i sléibhte na Mumhan. Bhí sólaistí acu in Óstán Guagán Barra agus labhair úinéir an óstáin, Neil Ó Luasa, leo faoi thurasóireacht sa cheantar agus tionchar Slí an Atlantaigh

Tíreolas Bl.5 i nGuagán Barra Read More »

Bua sa Cheimic!

Bhí bua iontach ag ár nDaltaí Ardteiste sa Cheimic Orgánach i dTráth na gCeist Ceimice le déanaí. Urraithe ag Pfizer, bhíomar breá sásta leis an rannóg sin a bhuacaint agus an séú áit sa chomórtas iomlán ag an deireadh. Comhghairdeachas leis an bhfoireann: Aaron Ó Conaire, Bríd Clesham, Colm Ó Murchú agus Jacques Ó Mórdha

Bua sa Cheimic! Read More »

Tionscnamh Oidhreachta ‘Discover Cork’

Bhí rang staire na hIdirbhliana 2016 ag obair ar thionscadail bunaithe ar an stair áitiúil go luath sa bhliain. Rinne siad taighde agus múnlaí agus chuir siad isteach ar an gcomórtas Discover Cork Schools Heritage Project. Bhuaigh Zoe & Róisín Ní Mhadáin an tríú áit sa chomórtas dá dtionscadal agus múnla de Phríosún na Cathrach.

Tionscnamh Oidhreachta ‘Discover Cork’ Read More »