Turas go Shanghai

Le linn Briseadh na Cásca 2018 bhí deis eisceachtúil ag mé féin agus Abaigh Ní Bhriain taisteal chun na Síne are feadh coicíse. Gan dabht im’aigne, is féidir liom a rá gurbh iad an dá sheachtain ab fhearr a chaitheas im’shaol go dtí seo. Níor cheapas riamh ag tús na hIdirbhliana go mbeadh an onóir agam ionadaíochta a dheineamh ar son na tíre agus na scoile i dtír eile leathshlí timpeall an domhain. Chuaigh an deis go croí ionam.
D’fhanamr go léir i suanliosanna ar champas Ollscoil Shanghai. D’fhreastlaíomar ar ranganna san Ollscoil agus ar léachtanna sa léachtlann ollmhór. I rith ama saoir chuamar chuig an bpáirc álainn ar an gcampas le bláth an chrainn silíní ag fás agus an ghrian i gcónaí ag taitneamh. Is ansin a dheineamar cairde bhuana a bheidh linn ar feadh an tsaoil, measaim.
Ar an turas bhí an méid sin deiseanna iontacha agus álainne curtha ar fáil dúinn. Thaistealaíomar ó Shanghai go Hangzhou, Suzhou agus Zhujiajigo. Thugamar cuairt ar an ‘Tír Péarla Oirthearach’, ‘Cnoc Tíogair’, Abhainn Huangpu agus roinnt mhaith sainchomhartha eile a bhainfeadh an anáil díot. D’fhoghlaimíomar conas scríobh i gcalagrafaíocht, ealaín Sínise a dheineamh agus conas an teanga álainn í féin a labhairt. Ní raibh riamh leadrán orainn.
Ceann de na rudaí is mó a thaitin liomsa faoin turas ní an meid a d’fhoghlaimíos faoi chultúr agus mhuintir na Síne. Tá ardmheas agus tuiscint iomlán nua faighte agamsa agus ag Abaigh ar nósanna agus ar thraidisiúin na tíre nach mbeadh faighte agam gan an taithí seo. Rud speisialta chomh maith ná go bhfuaireas an deis cultúr Gaelach a theaspáint thar lear. Roghnaíodh mé as na daltaí ar an turas chun a bheith mar óstach Éireannach don seó talainne a bhí againne le daltaí na Síne. Labhair an t-óstach Síneach as Sínis agus labhraíos féin as Gaeilge! Bhíos an-bhródúil as mo thír agus mo theanga an oíche sin.
Tá a fhios agam, agus mé fillte abhaile, go gcuimneoidh mé ar an tréimhse ama a chaitheas sa tSín go minic. Ba dheis iontach foghlama í agus táim fíorbhuíoch go bhfuaireas an deis i mbliana. Tá an-chuid cairde nua déanta agam agus cuimhní gleoite greannmhara agam leo. Táim ag tnúth go mór le deis eile filleadh ar an Sín amach anseo!

Scríte ag Sorcha Ní Choileáin, Bl.4

IMG_0618

IMG_0718

IMG_0846

IMG_0849

Untitled attachment 00039