Seachtain na Gaeilge 2017

Dé Luain 13ú Márta
Cuireadh tús le imeachtaí na seachtaine le Tráth na gCeist Bord do dhaltaí na hidirbhliana ‘s na Cúigiú Bliana. Bhí an-chraic ann agus ár mbuíochas d’Iníon Uí Mhurchú agus Iníon Uí Chraith as ucht an eagrúcháin ar fad. Chuir Iníon Uí Loingsigh gearrscannáin ar fáil don bhfoireann chun iad a theaspáint do ranganna éagsúla le linn na seachtaine. Táimid an-bhuíoch di. Thosnaigh Máistir Ó Teangana ag bailiú nathanna cainte na Mumhan agus iad a chur chuig múinteoirí. Táimid ag súil go mór le ‘Múnlaí na Mumhan’ a fheiceáil i bhfoirm léarscáile sar i bhfad!

Dé Máirt 14ú Márta
Bhí Tóraíocht Taisce timpeall na scoile don Chéad Bhliain. Bhí an-spraoi acu ag leanúint na léarscáile timpeall na háite agus ag comhaireamh na bhfuinneog atá le feiceáil ón astro! Ár mbuíochas don Phríomhoide Tánaisteach Máistir Ó Síodhcháin agus Máistir Ó Súilleabháin as ucht an eagrúcháin. D’eagraigh Máistir Ó Teangana, Iníon Uí Dhonnchú, Iníon Uí Mháirtín agus Iníon Uí Fhlatharta Comórtas na Seanfhocal don Chéad Bhliain agus don Tarna Bliain. Tá an ealaín crochta in airde timpeall na scoile ó shin. Míle buíochas dóibh agus do na daltaí a ghlac páirt iomlán san imeacht!

Dé Céadaoin 15ú Márta
Thosnaigh Dé Céadaoin le Comórtas na gCístí Cupáin sa chistin. Ghlac Iníon Uí Laoire leis na hiontrálacha go léir ar maidin agus ár mbuíochas do as ucht an eagrúcháin. Tháinig Buion Píobairí Béal Átha’n Ghaorthaidh ar cuairt chugainn ar scoil. B’iontach an ócáid í le píobairí le cloisint lasmuigh ar an astro. Labhair 3 bhall óg linn faoina gcuid uirlisí agus na cúiseanna go mbíonn siad ag tabhairt faoin gceol leis na píobairí. Ár mbuíochas don Phríomhoide Tánaisteach as ucht an eagrúcháin.

Déardaoin 16ú Márta
Buacphointe eile na seachtaine a bhí ann. Bhí ceolchoirm faoin aer ag ár gceolfhoireann fé stiúir Iníon Uí Bhreacáin. Cé gur chuaigh an aimisir in olcas le linn an lae leanadair ar aghaidh le seinm agus canadh sa bhfearthainn! Míle buíochas do chách.

Bhí ócáid iontach uile-scoile againn le ‘Cluichí an Ocrais’. Roghnaíodh buachaill agus cailín ó gach rang chun glacadh páirte ar son an ranga. Deich mbabhta de dúshláin intinne agus fhisiciúla a bhí i gceist. Bhí an-chraic ag baint leis agus bhuaigh Adam Ó Briain agus Kaitlin Towe ón gCúigiú Bliain. Ár mbuíochas do Mháistir Gúl, Iníon Uí Chathail, Iníon Breathnach, Iníon Uí Chríodáin agus Máistir Ó Síodhcháin as ucht an eagrúcháin.

Le linn an lae bhí agallamh ag an bPríomoide Tánaisteach ar ‘An Saol Ó Dheas’ ar Raidió na Gaeltachta ag cur síos ar imeachtaí na seachtaine. Tá sé ar fáil anseo.

Chríochnaigh an tseachtain le ceol sa bháisteach agus bhí deireadh seachtaine fada ‘le Pádraig againn chun triomú! Táimid thar a bheith buíoch do Dhaltaí na hIdirbhliana as ucht a gcuid cabhrach le imeachtaí na seachtaine a reachtáil.

Féach ar na físeáin thíos chun blaiseadh na seachtaine a fháil.