Ceathrú Craobh Sacair na Mumhan – Faoi 19

Coláiste Daibhéid v Coláiste Chathail Naofa, Dún Garbháin, Co Phort Láirge
Áit: Dún Garbhán Bainisteoir Fóirne: Iníon Uí Chathail
Fisio: Iníon Uí Chathail Réiteoir: Colm Claonta
Maor Líne: Ruairí Ionadaí Te: Cian Super Sub: Seán
Ráta Croí is tapúla: Adam
Síoraithe Spraoí: Olan, Roibeard Ó hU, Lúcás C, Dáire, Jacob,
Tuairisceoir & Grianghrafadóir: Iníon Uí Loingsigh Maor Uisce: Iníon Uí Loingsigh
Scór Deiridh: 5:2 do Choláiste Daibhéid
Scórálaithe: Antóin de Barra 1, Thomas 1, Pádraig 1, Craig Mac an Iomaire 1, Seán 1

Lá fuar gaofar a bhí ann nuair a thug foireann shinsearach shacair na scoile faoin bpáirc i nDún Garbháin. Bhí cúpla athrú ar an bhfoireann don chluiche as baile seo mar gheall ar ghortaithe agus bhí daoine imníoch. Bhí Thomas agus Glenn le chéile i lár na páirce den chéad uair ach bhí an chuma orthu go raibh siad á dhéanamh le fada. Bhíodar an-seasta agus údarásach i lár na páirce agus d’éirigh le Thomas cúl iontach a fháil fad a thaispeáin Glenn a chuid scileanna ‘keepy uppies’. Chlúdaigh Cian de Barra agus Tony de Barra fud fad na páirce agus d’oibrigh Pádraig go crua chun tosaigh. Fuair Tony céad scór an chluiche. Bhí Craig Mac an Iomaire buartha faoina ról nua mar chúlaí láir ach ghlan sé cúpla liathróid dhíreach lena cheann. Tar éis dó é sin a dhéanamh trí nó ceithre uair bhain sé ceannbhuille amach. Bhí ceiliúradh ollmór ar an taobhlíne. Táimid ag súil go n-úsáidfidh sé a cheann chomh minic céanna sa seomra ranga! Duine eile le ról nua ab ea Antóin Breatnach. D’imir sé sa chúl den chéad uair agus bhí sé an-nádúrtha sa ról. Rinne sé cúpla sábháil tábhachtach agus ní cuireadh sé ionadh orainn é a fheiscint ar ais sa ról sin arís. Bhí Jack ina chrann taca ar chúl agus ag tabhairt comhairle don fhoireann fad a bhí Iníon Uí Chathail dá spreagadh ón taobhlíne. I gcás aitheantais mhíchruinn fuair Roibeard Mac Fheorais cárta buí – mheasc an réiteoir é suas le Cian de Barra. Bhí coisíocht ghalánta ar siúl ag Conchúir, d’éirigh leis cúpla liathróid a ghoid óna fhreasúra. Bhí Adam ina thasmadian devil ag rith ar luas lasrach mórthimpeall na páirce. Níor éirigh le Roibeard Ó hU a churiarracht de chúl in aghaidh an chluiche a choimeád ach bhí go leor scóranna agus seansanna tógtha ag daoine eile ar an bpáirc. Ní raibh sé soiléir an raibh Cian Mac L te go leor le tabhairt faoin bpáirc. Bhí cinneadh deacair le déanamh ag Iníon Uí Chathail ach d’imigh sí sa tseans agus d’oibrigh sé. Chríochnaigh an fhoireann shinsearach le bua glan agus gan chárta dearg nó gortú ar bith acu – comharthaí maithe don chluiche leathcheannais. Bualfaidh siad lena comharsana agus sean-naimhde Coláiste de Nógla sa chéad chluiche eile.

An Chéad Chluiche Eile: Cluiche Leathcheannais na Mumhan
Coláiste Daibhéid v Coláiste de Nógla
Áit: Coláiste de Nógla

img_5529

img_5531

img_5533

img_5534

img_5537

img_5543