Maidin Caife do Cork Simon

D’eagraigh an triú bliain Maidin Caife i gcomhair Cork Simon i mbliana mar chuid den Tionscadal OSSP. Phioc na daltaí an carthanacht seo chun cabhair a tabhairt agus airgid a bhailiú do Cork Simon mar tá siad inár measc agus mórthimpeall orainn i gCathair Chorcaí.

D’ullmhaigh daltaí eagsúla atá ag déanamh cócaireachta faoi láthair brownies agus cácaí,srl agus ansin ar an lá thóg daltaí a gcácaí féin isteach. Bhí slua mór ann ar an lá, thart ar 250 daltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí. Bhí siad go léir an-bhródúil as an 3ú bliain. Bhí na daltaí go léir réidh don slua toisc go raibh a bpostanna eagraithe acu riomh ré. Bhí daltaí i bhfeighil ar díolacháin cacaí, tae/caife a ullmhú, glanadh suas agus dar ndóigh, cúrasaí airgid. Lá agus ócáid den chéad scóth a bhí i gceist. Sár-thaispeántas a bhí ann!

Ba mhór an taithí a fuair an triú blianin go léir as a bheith ag obair leis an bhfoireann agus ócáid a eagrú. Thug an deis seo seans dóibh foghlaim agus forbairt a dhéanamh mar dhalta agus go háirithe mar dhuine. Tá an t-ádh dearg linn go bhfuil an dream seo cosúil le gach dalta eile seo scoil, mic léinn den chéad scóth.

Bhailíomar €625 i gcomhair Cork Simon ón Maidin Caife! Thairis sin, d’eagraigh siad bailiúchan bia. Bhí sé seo ar siúl ar feadh seachtaine iomláin. Bhí sé dochreidte an méid bia a thainig isteach. Arís bhí an scoil iomlán sásta a lámh deonach a thabhairt don chás seo. Ár mbuíochas do Mháistir Gúl as ucht a chuid cabhrach don ócáid seo.

20160316_092651

20160316_092553

2016-03-16 09.48.54