Mic Léinn ó Ollscoil Kanazawa Seiryo na Seapáine ar Cuairt

Tháinig grúpa mac léinn ó Ollscoil Kanazawa Seiryo na Seapáine ar cuairt chun na scoile ar an 23ú Feabhra. Bhuaileadair le daltaí na hIdirbhliaina chomh maith le daltaí Seapáinise na cúigiú bliana. Labharaíodar le chéile faoi ghnéanna cultúrtha na hÉireann agus na Seapáine. Ba dheis bhreá í dár ndaltaí a gcuid Seapáinise a chleachtadh agus dar ndóigh phioc na Seapáinigh suas cúpla focal Gaeilge le linn na cuairte freisin! Ár mbuíochas d’Iníon Uí Dhálaigh agus Ollscoil Kanazawa Seiryo as ucht an eagrúcháin ar fad. Táimid ag súil go mór le fáilte a chur roimh an chéad ghrúpa eile ar an 1ú Márta.

A group of students from Kanazawa Seiryo University in Japan visited the school on February 24th. They met with Transition Year students and 5th Year Japanese students and talked about cultural aspects of Ireland and Japan. It was a great opportunity for our students to practice their Japanese, while our visitors, of course, picked up a Irish phrases! Our thanks to Iníon Uí Dhálaigh and Kanazawa Seiryo University for organising this event. We look forward to welcoming the next group on March 1st.

Japanese Students 1

Japanese Students 2