Ceardlann na mBéaltrialacha Bl.6

D’fhreastail daltaí na hArdteiste ar sheó grinn bunaithe ar an bhfiche sraith don bhéaltriail Ghaeilge i mbliana. Bhí sé bríomhar, barúil agus spreagúil, lán le stíleanna eagsúla dramaíochta, ceol, puipéidí, agus idirghníomhaíocht. Spreag na gníomhaíochtaí na daltaí chun labhairt ar bhealach an-spraoiúil agus an-nadúrtha. Ba ullmhúchán iontach é. Chuaigh David Beckham, Niall Horan, Barack Obama agus Daniel Craig faoi scrúdú na béaltrialach freisin. Ghlac Nidge ó Love/Hate agus an Bhanríon Éilís a hAon páirt sa cheardlann chomh maith agus iad ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Ghaeilge!

Ceardlann don Suíomh