Blog

Téamaí an TS, 2015 Ealaín, Ceardaíocht, Dearadh

Téamaí an TS, 2015  Ealaín, Ceardaíocht, Dearadh

 TÉAMAÍ  an TS 

Roghnaigh ceann amháin de na téamaí a leanas do do thionscadal:

1. Focail is maith liom

2. Ón bhfeirm go dtí an cuisneoir/forc

3. Mé féin agus na Féinphiceanna

4. Taobh istigh d’inneall

5. Ábhar inspioráide dom na Seanmháistrí

6. Dán: Seanbhróga

Bhí cuma mhaith orthu le chéile, ar dtús,
na hiallacha teann agus iad snasta pointeáilte,
ach an caitheamh agus an chuimilt a scrios iad:
Scéal a bhrisfeadh do chroí!

In íochtar a fheictear an saol,
cabhsaí agus cosáin,
garbh agus mín,
te, fuar, fliuch, tirim,
ag seasamh, ag damhsa, ag imirt,
caitheamh, caitheamh, caitheamh.

Níl caint acu,
mar tá a dteanga stróicthe,
ach tugann roic leathracha le fios
gur garbh an caitheamh é
agus gur crua an saol é,
nuair a bhítear ag satailt ort, lae i ndiaidh lae.

Sáilchaite,
na barraicíní scríobtha
agus ag siúl
i measc na n-íochtarán,
scar an dá bhonn leis na colainneacha
mar ghéill na greamanna, gach uile cheann.

Arna chur in oiriúint ó dhán le Robert Armitage

 

 

Má ta níos mó eolas nó na treoracha ag teastáil uat, lean an nasc seo chuig an páipéir scrúduithe:

JC_2015_Ealain_Ceardaiocht_Dearadh_Liniocht_Ardleibheal_agus_Gnathleibheal