Blog

Meitheal na Scoile 2016-17

Meitheal na Scoile 2016-17

Tá seisear ón gcúigiú bliain i bhfeighil ar an Meitheal i mbliana. Tháinig siad isteach leis an gcéad bhliain ar an gcéad lá scoile a bhí acu chun aithne a chur orthu. Dheineadair cluichí a imirt leo chomh maith chun iad a chur ar a suaimhneas agus iad ag tosnú sa scoil.
Shocraíodair an córas ‘buddy’ idir an chéad bhliain agus an Idirbhliain. Tá cara nó ‘buddy’ ag gach éinne acu agus buaileann siad le chéile go minic chun caint faoi taithí scoile agus saol daltaí na chéad bliana.
Cúpla seachtain ó shin thóg an grúpa Meithil an chéad bhliain ar fad go dtí Club Gleacaíochta na Dúglaise chun cúpla uair ‘chloig a chaitheamh ann ag glacadh páirte in imeachtaí éagsúla. Chomh maith leis sin bhí Cóisir Shamhna acu an lá deireanach roimh an mbriseadh lár-théarma.
Agus sinn ag druidim i dtreo na Nollag tá sé beartaithe acu an chéad bhliain a thógaint ag scátáil i Rinn Mhacain.
Bíonn cruinniú seachtainiúil ag an ngrúpa Meithil ar scoil agus teacht le chéile réigiúnach gach cúpla seachtain i Scala na Carraige Duibhe. Guímid gach rath orthu don chuid eile den bhliain.

meitheal-na-scoile-2016

2016-09-09-10-30-15