Dea Scéala ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí

Dhein Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí bronnadh gradaim ar Daltaí na hArdteiste 2014 ag ócáid speisialta san Óstán Rochestown Park Dé hAoine seo caite, 14ú Eanáir. Bronnadh gradaim ar thriúr ó Choláiste Daibhéid. Bronnadh Bonn Roibeard Ó Buachalla  ar  Bailey Ó Cruadhlaíoch ag tabhairt aithintis dá chuid oibre don Ardteist nuair a ghnóthaigh sé 600 pointe.  Bronnadh Teastas Éachta Speisialta ar  Aindriú Ó Riain-Crualaoí   agus fuair Rebecca Ní Chiniféic Aitheantas Dalta na Bliana.  Táimid fíor-bhródúil as an triúr seo agus guímid gach rath orthu sa todhchaí geal atá rompu.  Maith sibh!

Cork Education and Training Board presented awards to the Leaving Certificate students of 2014 at a special function in the Rochestown Park Hotel last Friday, January 14th.  Three students from Coláiste Daibhéid were honoured.  Bailey Ó Cruadhlaíoch received the Roibeárd Ó Buachalla medal in recognition of his outstanding work that resulted in him scoring 600 points in the Leaving Certificate.  Aindriú Ó Riain-Crualaoí received a Special Merit Certificate and Rebecca Ní Chiniféic received an award for Student of the Year.  We are very proud of these students and wish them all the best in the future.  Maith sibh!

Iardhaltaí Choláiste Daibhéid ag Duaisbhronnadh B.O.O.C. 2014 / Past pupils of Coláiste Daibhéid ag the Cork ETB Awards 2014
Iardhaltaí Choláiste Daibhéid ag Duaisbhronnadh B.O.O.C. 2014 / Past pupils of Coláiste Daibhéid ag the Cork ETB Awards 2014
Bailey, Rebecca agus Aindriú leis an bPríomhoide, Tadhg  Ó Laighin, agus an Príomhoide Tánaisteach, Pól Ó Síodhcháin.
Bailey, Rebecca agus Aindriú leis an bPríomhoide, Tadhg Ó Laighin, agus an Príomhoide Tánaisteach, Pól Ó Síodhcháin.